Forléargas ar an gCúrsa

Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcultúr dúchais agus i mbéaloideas na hÉireann. Is é aidhm an chúrsa eolas a roinnt le rannpháirtithe le go bhfaighidh siad léargas ar shaibhreas an chultúir sin. Tá na hábhair a pléitear i ngach modúl le feiceáil ar chlé in Imlíne an Chúrsa.

Gheobhaidh rannpháirtithe léargas freisin ar acmhainní agus ar shaothair a bhaineann leis an gcultúr dúchais, agus gheobhaidh siad deis forbairt phearsanta a dhéanamh agus cur lena gcáilíochtaí oideachais. Trí 'chianfhoghlaim' ar an Idirlíon a chuirtear formhór an chúrsa ar fáil, ar bhealach a thabharfaidh go leor saoirse do rannpháirtithe agus iad i mbun staidéir agus oibre.



Iarratais agus roghnúchán

Tá an cúrsa ar siúl agus ní féidir linn glacadh le hiarratais nua ag an am seo.

Eolas faoi na teagascóirí

Dónal Ó Droighneáin, MA (Stiúrthóir)
Odharnait Ní Chéilleachair, MA
Mícheál Ó Domhnaill, MA

Riachtanais agus measúnú

Feilfidh an cúrsa do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu agus fáil acu ar nasc Idirlín.

Bheadh tábhacht faoi leith le cumas maith léitheoireachta Gaeilge mar gheall ar nádúr an chúrsa.

Déantar measúnú ar obair na bhfoghlaimeoirí trí mharcanna a bhronnadh ar aistí, agus ar ghníomhaíochtaí leanúnacha ar líne a bhíonn ar siúl i rith na bliana (fóram plé an chúrsa mar shampla). Ní bhíonn aon scrúdú scríofa foirmiúil le déanamh don chúrsa seo.


Cad a deir ár mic léinn

Máire Clár Nic Mhathúna

Máire Clár Nic Mhathúna (Co. Dhún na nGall) |   Dioplóma sa Chultúr Dúchais 2020-2022

Cúrsa den chéad scoth atá sa Dioplóma sa Chultúr Dúchais, a chothaíonn suim agus bród inár gcultúr. Cuirtear ábhar suimiúil os do chomhair; déantar plé ar chúlra agus ar chomhthéacs ár mbéaloideas, ár n-ealaíon agus ár gceirdeanna, agus ar an tionchar atá acu ar an saol sa lá atá inniu ann. Bíonn meascán de léitheoireacht, físeáin, fuaimrianta, plé, i gceist agus deiseanna marcanna a thuilleadh i rith an chúrsa sa dóigh nach mbíonn barraíocht brú ar dhuine ag an deireadh. Léachtóirí fuinniúla, díograiseacha a threoraíonn an cúrsa agus tugtar gach cuidiú agus comhairle atá de dhíth i rith an ama.
Anne Ryan

Anne Ryan (Co. Chill Dara) |   Dioplóma sa Chultúr Dúchais 2018-2020

Mholfainn go mór an cúrsa dioplóma seo d’éinne gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid eolais faoin gcultúr dúchais. Beag beann ar an leibhéal eolais atá agat ag an tús, beidh an deis agat tuilleadh a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh i bpobal foghlama. Tá ábhair agus struchtúr an chúrsa thar barr agus is fiú freastal ar na ceardlanna más féidir. Bainfidh tú an tairbhe is fearr as an gcúrsa má bhíonn tú eagraithe ón tús agus rithim oibre a bhunú duit féin. Ní cainteoir dúchais mé agus níl mé céad faoin gcéad cumasach sa teanga ach bhí mé in ann páirt iomlán a ghlacadh sa chúrsa. B’eispéaras luachmhar dom é agus tá mé fíorbhuíoch den fhoireann agus de mo chomhfhoghlaimeoirí. Tá súil agam go dtapóidh daoine eile an deis freastal ar an gcúrsa san am atá le teacht.